Roinnt Gníomhartha Úsáideacha

Mata

Go dtí seo chonaiceamar go leor gníomhartha difriúla (codladh, scríobh srl.). Sula leanaimid ar aghaidh le níos mó gnéithe Setanta, ba chóir dúinn fanacht ar feadh nóiméad agus féachaint ar roinnt gníomhartha agus oibritheoirí úsáideacha eile.

Níos mó oibritheoirí

Chonaiceamar níos luaithe sa teagasc seo na hoibritheoirí +, -, * agus /. Tá dhá oibritheoirí matamaitice eile ag Setanta, an oibritheoir “modulo” (%) agus an oibritheoir roinnt-slánuimhreacha (//).

Modulo

Is oibritheoir neamhghnách é an oibritheoir modulo (%), ach tá sé an-úsáideach.

Glacann an oibritheoir sin le dhá uimhir, roinneann sé an chéad ceann ar an dara ceann agus tugann sé ar ais an fuílleach.

Mar shampla: tá 7 % 2 cothrom le 1 mar nuair a roinneann tú 7 le 2, tá an fuílleach cothrom le 1 (mar tá 7 == 3*2 + 1). Mar an gcéanna, tá 11 % 4 cothrom le 3 mar tá 11 == 2*4 + 3.

Corr nó Réidh?

Tá an oibritheoir seo úsáideach mar is féidir linn é a úsáid chun a lán rudaí a dhéanamh. Mar shampla: is féidir linn é a úsáid chun seiceáil an bhfuil uimhir éigin corrréidh. Chun é sin a dhéanamh níl ach le déanamh againn ach seiceáil cad é an fuílleach nuair a roinneann tú an uimhir ar 2. Má tá an fuílleach cothrom le 0, is uimhir réidh é mar is féidir linn an uimhir a roinnt ar 2 gan fuílleach. Má tá sé cothrom le 1 is uimhir corr é. Bain triail as an ríomhchlár seo:

An bhfuil sé príomha?

Is féidir linn an oibritheoir modulo % a úsáid chun seic a dhéanamh an féidir leat uimhir a roinnt faoi uimhir eile (má tá x % y == 0, is féidir leat x a roinnt ar y). Is féidir linn an cumas seo a úsáid chun seiceáil an bhfuil uimhir éigin príomha.

Is uimhir príomha é uimhir lé 2 fhachtóir, an uimhir féin agus 1. Chun seic a dhéanamh an bhfuil uimhir príomha is féidir linn an méid fachtóirí a chomhaireamh mar seo:

gníomh príomha(x) {
    >-- Athróg don méid fachtóirí
    fachtóirí := 0

    >-- Déan seic ar gach uimhir idir 1 agus x
    le i idir (1, x + 1) {
        >-- Má tá an seic seo fíor, is féidir leat roinn x ar i.
        >-- Mar sin is fachtóir é i.
         x % i == 0 {
            fachtóirí += 1
        }
    }

    >-- Má tá fachtóirí == 2, is uimhir príomha é x.
    >-- Mura bhfuil sé, ní uimhir príomha é x.
    toradh fachtóirí == 2
}

Bain triail as an cód sin le cúpla uimhir:

NB: Tá algartaim níos fearr ná seo, an féidir leat é a chruthú? Ní gá dúinn seic an bhfuil 1x ina fhachtóir mar tá beidh fuílleach 0 ann i gcónaí, ach aisteach go leor, ní gá dúinn seic a dhéanamh ar aon uimhir níos mó ná √x, cén fáth?

Liostaí gan teorainn

Léigh an ríomhchlár seo agus smaoinigh faoin seicheamh uimhreacha a scríobhann sé.

Scríobhann an ríomhchlár sin fuílleach gach uimhir idir 0 agus 15 nuair a roinneann tú iad ar 5. Má léann tú an seicheamh uimhreacha a scríobhann sé feicfidh tú an seicheamh “0”, “1”, “2”, “3”, “4”, ansin tosaíonn sé ar ais ag “0” agus leanann sé ar aghaidh sa treo céanna: “1”, “2”, “3” “4”, “0” … srl.

Ciorcal luachanna

Má ritheann tú an ríomhchlár sin le raon uimhreacha níos mó feicfidh tú an patrún céanna. Níl tharlaíonn an patrún sin le i % 5 amháin, má dhéanann tú an rud céanna le uimhir éigin n, gheobhaidh tú an seicheamh 0, 1, 2 ... n - 1, 0, 1, 2, ..., n - 1, ... srl.

Ciorcal luachanna n

Is féidir linn an patrún seo a úsáid chun dul thar liosta arís agus arís, cosúil go liosta gan teorainn é:

Féach ar gcód seo:

Scríobhann an ríomhchlár sin baill an liosta ach ansin baineann sé triail an ball ag an innéacs 3 a roghnú agus teipeann air mar tá 3 ró mhór. Ach, má úsáidimid an oibritheoir modulo % chun dul ar ais go 0 nuair a shroichimid deireadh an liosta beidh gach rud ceart go leor. Tá fad an liosta cothrom le 3, dá bhrí sin beidh i % fad@liosta cothrom le 0, 12 i gcónaí. Bain triail as ár gcód nua:

Anois ní theipeann ar an ríomhchlár nuair a shroicheann sé deireadh an liosta, in ionad sin téann sé ar ais go dtí an tús. Bain triail as teanga nua a chuir leis an liosta agus an cód a rith arís, feicfidh tú go dhéanann sé an rud céanna: rachaidh an lúb thar an liosta arís agus arís.

Roinnt Slánuimhreacha

Níos luaithe sa teagasc seo, chonaiceamar an oibritheoir roinnte (/): mar shampla: 10 / 5 == 2.

Tá oibritheoir eile againn atá an cosúil leis an oibritheoir roinnte, an oibritheoir roinnt slánuimhreacha: //. Oibríonn sé mar an gcéanna, ach tar éis dó na huimhreacha a roinnt slánaíonn sé an uimhir síos. Dá bhrí sin faigheann tú slánuimhir i gcónaí.

Mar shampla: tá 5 / 2 cothrom le 2.5, ach tá 5 // 2 cothrom le 2; Tá 10 / 3 cothrom le 3.333 ach tá 10 // 3 cothrom le 3.

Gníomhartha Matamaitice

Chonaiceamar roinnt gníomhartha matamaitice cheanna sa teagasc seo, go háirithe rand@mata agus slánuimh_rand@mata, áfach, tá i bhfad níos mó gníomhartha agus luachanna matamaitice ar fáil i Setanta.

Seo liosta gearr do na gníomhartha agus luachanna atá ar fáil, bá chóir duit @mata a úsáid chun iad a roghnú, mar shampla fréamh@mata.

Luachanna

Ainm Cur síos Sampla
An tairiseach Pí (3.1415…) 2 * pí@mata * r
e An tairiseach e (uimhir Euler) (2.71828…) cmhcht@mata(e@mata, 2)

Gníomhartha

Ainm Cur Síos agus Sampla
fréamh An fréamh cearnach (√)
m.sh. fréamh@mata(4) == 2
cearn Feidhm cearnach ()
m.sh. cearn@mata(2) == 4
dearbh Feidhm dearbhluacha (|x|)
m.sh. dearbh@mata(-2) == 2
eas Feidhm easpónantúile (e^x)
m.sh. eas@mata(1) == e@mata
cmhcht Feidhm cumhachta (x^y)
m.sh. cmhcht@mata(2, 4) == 16
log Feidhm logartaim
m.sh. log@mata(2)
logb Logartam go bonn éigin
m.sh. logb@mata(16, 2) == 4
sin Feidhm Síneas
m.sh. sin@mata(pi@mata/2)
cos Feidhm Comhshíneas
m.sh. cos@mata(0)
tan Feidhm Tangaint
m.sh. tan@mata(pi@mata)
asin Feidhm sine inbhéarta
m.sh. asin@mata(0)
acos Feidhm cosine inbhéarta
m.sh. acos@mata(pi@mata)
atan Feidhm tangaint inbhéarta
m.sh. atan@mata(0)
rand Uimhir randamach idir 0 agus 1
m.sh. rand@mata()
slánuimh_rand Slánuimhir randamach i raon éigin
m.sh. slánuimh_rand@mata(5, 10)

Téacs

Tá a fhios againn conas + a úsáid chun dhá píosa téacs a chur le chéile, conas fad a úsáid chun fad an phíosa téacs a fháil agus conas slonn innéacs a úsáid chun carachtair an píosa téacs a roghnú. Áfach, is féidir linn a lán níos mó a dhéanamh le téacs. Féachfaimid anois ar roinnt gníomhartha úsáideach:

go_téacs

Is féidir linn go_téacs a úsáid chun aon luach a athrú go léiriú téacsúil. Mar shampla: is ionann go_téacs([1, 2, 3]) agus "[1, 2, 3]" agus is ionann go_téacs(scríobh) agus "<gníomh scríobh>".

Athchuir

Is féidir linn an gníomh athchuir a úsáid chun cuid den píosa téacs a athrú go píosaí téacs eile. Mar shampla ba féidir linn aghaidh shona “:)” a chuir i bpíosa téacs in ionad gach aghaidh brónach “:(”.

Cuimhnigh anois caithfimid “@” a úsáid le píosa téacs chun fad an píosa a téacs a fháil mar seo: fad@"Sligeach". Sa chaoi chéanna, caithfimid “@” a úsáid chun athchuir a úsáid.

Seo cúpla sampla conas athchuir a úsáid:

Roinn

Is féidir linn an gníomh roinn a úsáid chun píosa téacs a roinnt i fo-píosaí. Is féidir linn carachtar éigin a roghnú agus nuair a glaoimid ar roinn leis an gcarachtar, faighimid ar ais liosta le gach cuid den píosa téacs atá scartha óna gcéile ag an gcarachtar sin.

Mar shampla: is féidir linn roinn a úsáid le camóg (“,”) chun píosa téacs cosúil le "Setanta,Python,Java" a roinnt agus an liosta ["Setanta", "Python", "Java"] a fháil. Is féidir linn roinn a úsáid le spás (" ") chun abairt éigin a roinnt ina fhocail ar leith.

Bain triail as an ríomhchlár seo:

Taispeántas

Cuid

Leis an gníomh cuid, is féidir linn cuid a bhaint amach as píosa téacs. Glacann an gníomh le 2 innéacs mar argóintí agus tugann sé an fo-píosa téacs idir na innéacs sin. (Cuimsíonn sé an chéad innéacs, ach ní chuimsíonn sé an dara cheann).

Mar shampla: Tá cuid@"Setanta"(1, 4) cothrom le "eta" mar is é “eta” an téacs idir an innéacs 1 agus 4 i “Setanta”. (Setanta).

go_liosta

Glacann an gníomh go_liosta le píosa téacs, agus tugann sé liosta ar ais le gach carachtar ón bpíosa téacs ar leith. Mar shampla: Tá go_liosta("Setanta") cothrom le ["S", "e", "t", "a", "n", "t", "a"].

Liostaí

Oibríonn roinnt gníomhartha téacs le liostaí freisin, mar shampla cuid, ach tá roinnt gníomhartha breise ag liostaí:

Sórtáil

Is féidir an gníomh sórtáil a úsáid chun liosta a sórtáil ( mar a shamhlófá). Cuireann sórtáil an liosta in ord méadaitheach. Mar shampla tá sórtáil@[1, 3, 2] cothrom le [1, 2, 3].

NB: Tugann sórtáil an liosta sórtáilte ar ais, ach athráionn sé an liosta freisin. Ní cruthaíonn sé liosta nua: athráíonn sé ord an liosta go díreach.

Nasc

Déanann an gníomh nasc an rud contrártha leis an ngníomh roinn. Cruthaíonn sé píosa téacs ó liosta. Glacann sé le carachtar éigin agus cruthaíonn sé píosa téacs ó liosta, leis an gcarachtar sin idir gach ball den liosta.

Mar shampla: Is é "1, 2, 3" an toradh ar nasc@[1, 2, 3](", ").

An Doiciméadacht

Tá an liosta iomlán de na gníomhartha agus luachanna ar fáil ar docs.try-setanta.ie.