Le tús a chur lé cruthanna a tharraingt ar an stáitse is gá dúinn féachaint ar gníomhartha.
Chonaiceamar cúpla gníomh cheana féin, ba gníomh é scríobh, chomh maith le codladh.
Is luachanna speisialta iad gníomhartha a sheasann do rudaí casta is féidir leis an ríomhaire a dhéanamh. Mar shampla: I gcás gníomh is é an rud casta ná téacs a scríobh ar an gconsól agus fanacht ar feadh tréimhse éigin i gcás codladh
Amach anseo, caithfidh muid súil ar an gcaoi ár ngníomhartha féin a chruthú, ach anois feicfimid an caoi is féidir linn iad a úsáid.
Nuair a bainimid úsáid as gníomh, deirimid go bhfuilimid ag glaoch air. An cuimhin leat an chaoi a d’úsáideamar an gníomh scríobh?
Nuair a léann scríobh("Scríobh mé ar an gconsól")”, glaonn sé ar an gníomh scríobh agus tugann sé an téacs "Scríobh mé ar an gconsól" dó.
Tugaimid "Scríobh mé ar an gconsól" an argóint do scríobh
Sa chód a leanas, is é 2000 an argóint do codladh.
Nuair a ritear an cód seo, tugann an ríomhaire 2000 don gníomh codladh agus ansin glaonn sé air. Ansin fanann an léirmhínitheoir ar feadh dhá soicind.
Is féidir le roinnt gníomhartha i Setanta ,”) chun iad a
Mar shampla, is féidir le scríobh an oiread argóintí agus is mian linn a ghlacadh, agus scríobhfaidh sé gach ceann ar an gconsól le spás eatarthu. Bain triail as anseo:
Ní féidir le gach gníomh an oiread argóintí agus is mian linn a ghlacadh. Glacann an gníomh codladh le hargóint amháin, ní ghlacann sé le aon méid argóinte eile.
Is féidir le roinnt gníomhartha 0 argóintí a ghlacadh.
Anois triailimis ár n-eolas ar gníomhartha!
Seo cód a úsáideann scríobh chun “Is aoibhinn liom Setanta!” a scríobh. Athraigh an cód ionas go scríobhann sé “Is aoibhinn liom Setanta!” fós ach go mbaineann sé úsáid as ceithre athróg ina ionad athróg amháin.
Nuair a glaoitear ar roinnt gníomhartha i Setanta, tugann siad luach éigin ar ais. Tugaimid
Seo sampla beag chun a bheith níos soiléire: Tá gníomh uas ag Setanta. Is uas ar “uasmhéid”.
Cad a dhéanann uas?. Glacann uas le dhá uimhir agus tugann sé ar ais an ceann is mó.
Mar shampla: Is é 3 toradh an uas(3, 2).
Is féidir linn toradh ghnímh a chur in athróg, mar seo:
Sa chás seo, Beidh 3 mar luach na hathróige is_mó. Bain triail as:
Bain triail as luachanna difriúla, mar shampla, cad a scríobhfadh an cód dá gcuirfeá uas(100, 200) in ionad uas(3, 2)?
Tabhair faoi deara gur féidir linn scríobh(uas(3, 2)) a scríobh, ag úsáid toradh uas díreach mar argóint scríobh.
Sa réamhrá, chonaiceamar an cód seo:
Anois is féidir linn a thuiscint cad atá ar siúl.
ceist chun “Cad is ainm duit?” a scríobh ar an gconsól.ceist an ainm ar ais mar toradh agus stórálfar an toradh san athróg ainm.scríobh chun “Dia duit” agus luach an athróg ainm a scríobh.Bain triail as arís!
Déan iarracht an ríomhchlár a athrú chun aois an úsáideoir a scríobh freisin.
Anois tuigimid gníomhartha, dá bhrí sin is féidir linn tosú ag úsáid an stáitse faoi dheireadh.
Úsáidimid gníomhartha le haghaidh
Ar dtús, feicfimid ar ár gcéad gníomh stáitse “ciorcal”. Le ciorcal is féidir linn ciorcail a tharraingt ar an stáitse. Chun an gníomh seo a fháil, is gá dúinn é seo a scríobh:
Níos déanaí foghlaimeoimid cad is brí leis @stáitse, ach faoi láthair bogaimid ar aghaidh.
Bain triail as an cód seo:
Tabhair faoi deara anois gur féidir leat na
Anois ba chóir duit a fheiceáil gur tharraingíodh ciorcal dubh ar an stáitse.

Ach cad is brí leis na argóintí “(200, 200, 50)”? Caithfimid foghlaim faoi
Is
Ciallaíonn an chéad uimhir cé chomh fada ón taobh clé atá an pointe, agus ciallaíonn an dara uimhir cé chomh fada ón bharr atá sé.
Mar shampla: Chun an pointe (10, 20)
Tugaimid “an
Nuair a ghlaoimid ar an gníomh ciorcal, tugaimid 3 argóint dó. Is é an x-comhordanáid an chéad argóint, is é an y-comhordanáid an dara argóint, agus is é an [[ga|radius] an tríú argóint.
Anois féachaimis arís ar an slonn ciorcal@stáitse(200, 200, 50). Nuair a ritheamar an

Ach cad iad na aonaid seo? Cé chomh fada atá “200 aonad”? Faraor, ní ceist simplí é sin, fad_x@stáitse agus fad_y@stáitse.
Mar shampla, scríobhann an ríomhchlár seo leithead agus airde an stáitse, agus scríobhann sé an pointe i lár an stáitse. Ansin baineann sé úsáid as an pointe sin chun ciorcal mór a tharraingt i lár an stáitse.

Cad a dhéanfaimid más maith linn
Is féidir linn an gníomh dath a úsáid chun dath an phinn a athrú. Glaoimid ar dath ar an gcaoi chéanna a ghlaoimid ar ciorcal, scríobhaimid dath@stáitse. Glacann an gníomh dath le argóint amháin, an dath ar mhaith leat dath an phinn a athrú go.
Anois bainimid úsáid as ár ngníomh nua chun ciorcal glas a tharraingt in ionad an ciorcal dubh a tharraingíomar níos luaithe:
Glacann an gníomh dath le dathanna Gaeilge agus Béarla, glacann sé freisin le cód dathanna HTML.
Tá liosta mór gníomhartha ag Setanta le haghaidh cruthanna eile a tharraingt. Feicfimid ceann acu níos déanaí sa theagasc, ach más maith leat an liosta iomlán a fheiceáil anois, tá sé ar fáil as Gaeilge anseo agus as Béarla anseo.