Ní Briathra a Dhearbhaíonn Ach Gníomh

Ní Briathra a Dhearbhaíonn Ach Gníomh

Go dtí seo bhíomar ag úsáid go leor gníomhartha chun a lán rudaí difriúla a dhéanamh, ó téacs a léamh go cruthanna a tharraingt.

Tháinig gach gníomh a bhaineamar úsáid as go dtí seo le Setanta, ach is féidir linn ár gníomhartha féin a chruthú!

Athbhreithniú

Is luachanna iad gníomhartha is féidir linn a úsáid chun rudaí a dhéanamh ar ár son, mar shampla is gníomhartha iad scríobh agus codladh. Glacann gníomhartha le argóintí agus baineann siad úsáid astu chun rudaí a dhéanamh.

Glaoitear ar gníomhartha le lúibíní (( agus )), le na hargóintí eatarthu.

Mar shampla: scríobh("Dia duit"), ciorcal@stáitse(100, 100, 100), léigh().

torthaí ag roinnt gníomhartha freisin, nuair a ghlaoitear orthu tugann siad luach éigin ar ais. Mar shampla: aois := ceist("Cén aois thú?").

Ráitis “gníomh”

Chun ár ngníomhartha féin a chruthú, is féidir linn úsáid a bhaint as an eochairfhocail gníomh. Bainimid úsáid as an ráiteas sin chun ainm ár ngníomh, an liosta argóintí agus an iompraíocht a shainmhíniú.

Scríobhaimid ráiteas gníomh mar seo:

gníomh <ainm> (<liosta argóintí>) {
    >-- Cód le dhéanamh anseo
}

Cruthaíonn ráiteas gníomh gníomh dúinn leis an ainm a phiocamar. Nuair a ghlaonn tú ar an gníomh le roinnt argóintí, cuirtear na argóintí in athróga leis na hainmneacha a roghnaíomar. Ansin ritear an cód idir na lúibíní slabhracha ({ agus }). Tugtar corp an gnímh ar an cód seo.

Anois féachfaimid ar sampla beag. Cruthaímis gníomh abair_dia_duit, ní ghlacfaidh abair_dia_duit le aon argóintí, agus nuair a ghlaonn tú air scríobhfaidh sé “Dia duit” ar an gconsól.

gníomh abair_dia_duit() {
    scríobh("Dia duit")
}

Mar is féidir leat a fheiceáil, chuireamar “abair_dia_duit” isteach mar ainm, ní chuirimid aon argóintí isteach agus is é scríobh("Dia duit") corp an gnímh.

Is féidir linn glaoch ar an gníomh le abair_dia_duit(). Bain triail as anois!

Nuair a ritheann tú an ríomhchlár sin, tá súil agam go feicfidh tú “Dia duit” ar an gconsól.

Míniú

Nuair a ritheann Setanta líne cosúil le abair_dia_duit(), léimeann sé ar ais go dtí an ráiteas “gníomh” a shainmhíníonn an gníomh agus ritheann sé an cód a scríobh tú. Sa ríomhchlár sin, ba é scríobh("Dia duit") an cód sin. Dá bhrí sin, scríobhann sé “Dia duit” ar an gconsól. Ansin nuair atá sé críochnaithe leis an gcód sa ghníomh, bogann sé ar ais go dtí an líne ar a raibh sé.

Argóintí

Conas is féidir linn gníomh a chruthú a ghlacann lé argóintí? Chun é sin a dhéanamh, ba chóir dúinn ainmneacha a roghnú do na hathróga. Nuair a glaoimid ar an gníomh le roinnt argóintí, cuirtear luachanna na n-argóintí in athróga leis na hainmneacha a roghnaíomar agus is féidir linn na hathróga sin a úsáid i gcorp an gnímh.

Beidh sé níos soiléire le sampla, mar sin cruthaímis gníomh anois chun ciorcal a tharraingt i lár an stáitse. Ar dtús, cruthaímis gníomh a tharraingíonn ciorcal gorm le ga 100, agus níos déanaí athróimid an gníomh chun argóintí a ghlacadh don ga agus dath an ciorcail.

Seo é an gníomh simplí:

gníomh ciorcal_i_lár() {
    >-- Athraigh an dath go gorm.
    dath@stáitse("gorm")

    >-- Faigh an lárphointe
    lar_x := fad_x@stáitse / 2
    lar_y := fad_y@stáitse / 2

    >-- Tarraing an ciorcal le ga 100
    ciorcal@stáitse(lar_x, lar_y, 100)
}

Bain triail as:

Anois, ba mhaith linn ga difriúil a úsáid. Chun é sin a dhéanamh cuirfimid argóint leis an gníomh, tugaimid ga ar an argóint sin. Chun an argóint a cuir leis an gníomh, scríobh ga idir na lúibíní mar seo: gníomh ciorcal_i_lár(ga) {:

gníomh ciorcal_i_lár(ga) {
    >-- Athraigh an dath go gorm.
    dath@stáitse("gorm")

    >-- Faigh an lárphointe
    lar_x := fad_x@stáitse / 2
    lar_y := fad_y@stáitse / 2

    >-- Tarraing an ciorcal le ga 100
    ciorcal@stáitse(lar_x, lar_y, 100)
}

Anois is féidir linn an athróg ga a úsáid in ionad an luach 100:

gníomh ciorcal_i_lár(ga) {
    >-- Athraigh an dath go gorm.
    dath@stáitse("gorm")

    >-- Faigh an lárphointe
    lar_x := fad_x@stáitse / 2
    lar_y := fad_y@stáitse / 2

    >-- Tarraing an ciorcal le ga "ga"
    ciorcal@stáitse(lar_x, lar_y, ga)
}

Nuair a glaoitear ar an gníomh anois, caithfear argóint a thabhairt dó. Mar shampla: ciorcal_i_lár(100).

Anois is é seo ár ríomhchlár: Bain triail as!

Athraigh an argóint 100 sa líne deireanach go luachanna difriúla agus bain triail astu. Ba chóir duit a fheiceáil go athraíonn méid an chiorcail.

Is féidir linn an gníomh a úsáid arís agus arís, sa ríomhchlár a leanas bainfimid úsáid as chun trí chiorcal a tharraingt le méideanna 100, 200 agus 300.

Ach cad a dhéanfaimid más maith linn an dath a hathrú freisin? Is féidir linn athróg eile a cuir leis an gníomh, is gá dúinn ainm nua a phiocadh don argóint agus é a cur idir na lúibíní tar éis an argóint ga le camóg idir na hainmneacha, ansin is féidir linn é a úsáid in ionad an dath “gorm”. Piocaimis an ainm dath; Seo é ár gcód nua:

gníomh ciorcal_i_lár(ga, dath) {
    >-- Athraigh an dath go gorm.
    dath@stáitse(dath)

    >-- Faigh an lárphointe
    lar_x := fad_x@stáitse / 2
    lar_y := fad_y@stáitse / 2

    >-- Tarraing an ciorcal le ga "ga"
    ciorcal@stáitse(lar_x, lar_y, ga)
}

Anois nuair a glaoimid ar ciorcal_i_lár, caithfimid an ga agus an dath a cuir isteach mar argóintí. Athraímis an ríomhchlár a scríobhamar cheana chun ciorcal dearg agus glas a tharraingt.

Dúshlán

Cruthaigh gníomh nua ciorcail_rand a ghlacann le trí argóintí n, ga agus dath agus tarraingíonn sé n ciorcail randamacha ar an stáitse le ga ga agus dath dath.

Cliceáil anseo le haghaidh freagra

Torthaí

Anois féachaimid ar conas gníomh a chruthú le toradh. Le haghaidh é sin a dhéanamh bainfimid úsáid as an eochairfhocail toradh chun ráiteas toraidh a dhéanamh mar seo:

toradh <slonn>

Mar shampla: toradh 1toradh "dia " + "duit".

Nuair a ritear ráiteas toraidh i gcorp gnímh éigin, ríomhfaidh Setanta luach an sloinn agus stopfaidh Setanta láithreach. Scoirfidh sé ón ghníomh agus tabharfaidh sé an luach ar ais.

Sampla Gearr

Seo gníomh gearr tabhair_1, níl aon cód ann ach ráiteas toradh 1.

gníomh tabhair_1() {
    toradh 1
}

Féach anois ar cad a tharlaíonn nuair a ghlaoimid ar le scríobh(tabhair_1()).

Scríobhann sé “1” amach ar an gconsól, déanann sé é sin mar bhí 1 toradh an gnímh.

Rud tábhachtach

Tabhair faoi deara anois: Nuair a shroichtear ráiteas toradh, stopann Setanta ar an toirt agus scoireann sé ón ghnímh. Mar sin, ní rithfear aon cód atá tar éis an ráitis.

Má cuirimid an líne scríobh("Dia duit") tar éis an líne toradh 1 sa ríomhchlár agus rithimid é arís, ní feicfidh tú “Dia duit” ar an gconsól. Bain triail as:

Ní feiceann tú “Dia duit” mar stop Setanta nuair a shroich sé an ráiteas toraidh.

Dúshlán

Déan iarracht anois gníomh a cruthú a ghlacann lé trí uimhir agus tugann sé an ceann is mó ar ais. Tabhair uas_3 ar an gníomh.

Mar shampla, bá chóir go mbeadh 30 mar thoradh ar uas_3(10, 20, 30) mar is é 30 an uimhir is mó.

Tosaigh leis an cód seo:

Cliceáil anseo le haghaidh freagra