Réamhrá Teagaisc

Fáilte!

Fáilte go dtí Teagasc Setanta.

Tá súil againn go bhfuil tú réidh chun gach rud faoi ríomhchlárú a fhoghlaim, agus conas a oibríonn Gaeilge leis.

Níl ach cúpla rudaí le míniú sula mbeidh tú réidh le tosú.

Teangacha

Tá an teagasc seo ar fáil as Gaeilge agus as Béarla. Cliceáil ar an cnaipe chun dul go dtí an leagan Béarla.

Má fheiceann tú focal le folíne mar seo, is focal é le haistriúchán. Cuir do luch thar an focal nó cliceáil air chun an t-aistriúchán a fheiceáil. Bain triail as!

Eagarthóirí Setanta

Ar fud an teagaisc seo, aimseoidh tú eagarthóirí Setanta mar seo:

Is féidir linn eagarthóirí a úsáid chun ríomhchláir Setanta a scríobh. Clóscríobhaimid ríomhchlár sa bosca ar chlé agus brúimid chun é a thosú. Beidh torthaí an ríomhchláir le feiceáil ar dheis.

Brúigh an cnaipe chun an cód san eagarthóir a rith. Bá chóir go mbeadh “Dia duit!” scríofa ar an taobh dheis.

An Consól

Ar an taobh dheis, ba chóir go mbeadh seo le feiceáil:

Dia Duit!

Is é seo an consól. Is féidir linn an consól a úsáid chun teachtaireachtaí a léamh agus a scríobh. Sa ríomhchlár roimhe (scríobh("Dia duit!")), d’úsáideamar an gníomh scríobh chun “Dia duit!” a scríobh amach ar an gconsól.

Freisin, is féidir linn an consól a úsáid chun teachtaireachtaí a sheoladh chuig an ríomhchlár. Bain triail as an gcéad ríomhchlár eile seo a rith; Ba chóir go scríobhfadh sé “Cad is ainm duit?” sa chonsól. Clóscríobh d’ainm isteach sá bosca téacs ag an bun agus brúigh an eochair iontrála.

Brúigh an chun an consól a ghlanadh.

Taispeántas

Ag scríobh d’ainm

An Stáitse

Tá dhá táib i ngach eagarthóir, agus is féidir leat athrú eatarthu. Taispeánann ceann amháin an consól, agus taispeánann ceann eile an stáitse.

Is féidir linn an stáitse a úsáid le Setanta chun pictiúir nó beochaintí a tharraingt, agus fiú cluichí a chruthú!

Rith an ríomhchlár a leanas, agus ansin cliceáil ar an táb “Stáitse/Stage” chun an stáitse a fheiceáil.

Ba chóir go mbeadh ciorcal dearg le fheiceáil.

Ciorcal Dearg

try-setanta.ie

Is leaganacha beaga den phríomh-eagarthóir ar try-setanta.ie iad na heagarthóirí atáimid ag úsáid sa teagasc seo. Más mhaith leat triail a bhaint as do chód ar scáileán níos mó, nó do chód a shábháil agus a roinnt le daoine eile, ba chóir duit dul go try-setanta.ie/editor agus triail a bhaint as an príomh-eagarthóir.

Tá níos mó doiciméadacht faoi Setanta ar fáil ar docs.try-setanta.ie

Tosaímis!

Anois tá a fhios agat conas na heagarthóirí agus na haistriúcháin a úsáid, is féidir linn tosú ag foghlaim Setanta. Bog go dtí an céad roinn eile leis an cnaipe “Céad leathanach eile” sa painéal “Clár”, nó leis an cnaipe ag bun an leathanaigh.