Cad é Ríomhchlárú?

Is é Ríomhchlárú ná…

Sula dtosóimid ag foghlaim conas Setanta a scríobh agus a úsáid, ba chóir dúinn smaoineamh faoin ceist seo.

Cad é ríomhchlárú?

Inniu tá ríomhairí sár-chliste, is féidir leo áirimh a dhéanamh i bhfaiteadh na súl nach féidir le haon duine a dhéanamh ina cheann. Bíodh sin mar atá, bíonn treoir de dhíth ar ríomhaire chun áireamh a dhéanamh agus is éard atá i ríomhchlárú ná an treoir sin a thabhairt.

Nuair a scríobhaimid ríomhchláir, scríobhaimid treoracha chun go leanfaidh an ríomhaire iad. Léifidh an ríomhaire ár dtreoracha agus leanfaidh sé iad go díreach.

Cad é teanga ríomhchlárúcháin?

Is teanga speisialta a thuigeann ríomhairí é teanga ríomhchlárúcháin. Bainimid úsáid as chun ár dtreoracha a scríobh.

Deartar roinnt teangacha ríomhchlárúcháin ionas gur féidir le daoine iad a thuiscint chomh maith le ríomhairí. Is ceann de na teangacha sin é Setanta, ach tá sé beagáinín difriúil.

Deartar beagnach gach teanga ríomhchlárúcháin chun a bheith cosúil le Béarla, ach tá Setanta difriúil. Nuair a scríobhaimid cód Setanta, tá sé beagnach cosúil le bheith ag scríobh na dtreoracha as Gaeilge.

Comhréir

Is ainm galánta é “Comhréir” ar na rialacha a shainíonn cad é ríomhchlár bailí. Tá comhréir ag teangacha labhartha freisin ach glaoimid “gramadach” air. Mar shampla, caithfidh gach ceist Gaeilge críochnú le comhartha ceiste.

Tá rialacha cosúil le sin ag teangacha ríomhchlárúcháin freisin. Sainíonn siad an caoi a scríobhann tú ríomhchláir sa teanga.

Treoracha simplí

Chun tosú ar ríomhchlárú agus Setanta, féachaimis anois ar roinnt treoracha simplí.

Scríobh

Tá gníomh ag Setanta ar a dtugtar scríobh. Is féidir linn scríobh a úsáid chun téacs a scríobh ar an gconsól. Bainimid úsáid as an gníomh scríobh mar seo:

scríobh("Do théacs anseo")

Is féidir leat aon téacs is mian leat a chuir idir na comharthaí dúbailte athfhriotail (") agus scríobhfaidh scríobh é amach ar an gconsól. Bain triail as anseo:

Athraigh an téacs "Cuir do théacs anseo" go rud éigin eile agus rith an cód. Déan iarracht an cód a athrú chun d’ainm a scríobh! Seo GIF gearr mar shampla:

Ag athrú téacs scríobh

Ní féidir liom “í” a scríobh!

Tuigeann Setanta go mb’fhéidir nach féidir leat síntí fada (áéíóú) a chlóscríobh, mar sin oibríonn gach gníomh a thagann le Setanta i gceart gan na síntí fada.

Bain triail as scriobh (gan fada) a chuir in ionad scríobh sá cód thuas agus feicfidh tú go n-oibríonn sé fós.

Cad más mian liom comharthaí dúbailte athfhriotail (") a úsáid i mo théacs?

Tá dhá roghanna agat: Is é an céad rogha ná \" a scríobh chun na comharthaí athfhriotail a “éalú” mar seo:

"Tá \"comharthaí dúbailte athfhriotail\" sa téacs seo"

Is é an dara rogha ná comharthaí singile athfhriotail a úsáid chun do théacs a shainmhíniú, mar seo:

'Tá "comharthaí dúbailte athfhriotail" sa téacs seo'

Áirimh

Chonaiceamar gur féidir le Setanta téacs a scríobh, ach is féidir leis a lán níos mó ná sin amháin a dhéanamh. Mar shampla: Is féidir le Setanta áirimh a dhéanamh duit! Rith an cód seo a leanas agus feicfidh tú go ndéanfaidh Setanta an áireamh ar fad. Scríobhfaidh Setanta freagra 28 + 36 * 2 ar an gconsól.

Is féidir leat luachanna na n-uimhreacha a athrú nó níos mó a chur isteach. Bain triail as slonn mata eile a chur isteach in ionad 28 + 36 * 2. Is féidir leat gach siombail atá a fhios agat cheana a úsáid. Mar shampla:

+ le haghaidh suimiú, - le haghaidh dealú, * le haghaidh iolrú agus / le haghaidh roinnt.

Is féidir leat lúibíní a úsáid chun sloinn casta a chruthú. Déan iarracht freagraí na sloinn seo a scríobh ar an gconsól le scríobh san eagarthóir thuas:

1 + 2 * (3 - 4) / 5
1 + 2 - (3 + (4 - 5))

Chomh maith, is féidir leat uimhreacha le pointe deachúlach a úsáid. Mar shampla 1.2123.4.

Ag cur téacs le chéile.

Is féidir linn an oibritheoir + a úsáid le téacs freisin chun dhá phíosa téacs a chur le chéile. Bain triail as:

Tráchtanna

Uaireanta ba mhaith linn rudaí a scríobh inár ríomhchláir nach mhaith linn go ndéanfaidh an ríomhaire iarracht iad a thuiscint. Go minic is nótaí beaga iad, nó mínithe ar cad a dhéanann rud éigin.

Ar an dea-uair, is féidir linn é seo a dhéanamh. Dá scríobhfadh muid >-- in aon áit sa ríomhchlár, thabharfadh an ríomhaire neamhaird ar aon rud a scríobhfadh muid ina dhiaidh ar an líne céanna. Tugaimid “tráchtanna” ar na píosa cód sin. Seo sampla:

Ní thugann an ríomhaire aird ach ar an gcéad líne. Tugann sé neamhaird ar an dara cheann mar tosaíonn sé le >--.

De ghnáth, téann tráchtanna go dtí deireadh an líne, ach is féidir linn trácht a chríochnú go luath más maith linn. Caithfidh muid --< a chur isteach san áit ar mhaith linn deireadh a chur leis an trácht.

Tugaimid “tráchtanna inlíne” ar na tráchtanna sin.

scríobh(1 + >-- Trácht inlíne --< 2)

Ag Meascadh

Nuair atá an an ríomhaire ag leanadh na treoracha i ríomhchlár Setanta tosaíonn sé ag an mbarr, agus ansin leanann sé ag dul síos an liosta. Mar gheall ar sin, más mian linn treoir a dhéanamh tar éis treoir eile, níl le déanamh againn ach é a scríobh ar an céad líne eile. Féach anois ar an cód seo:

Má ritheann tú an cód seo, ar dtús scríobhfaidh sé "Roimh chodladh", ansin fanfaidh sé ar feadh 2 soicind, faoi dheireadh scríobhfaidh sé "Tar éis an chodlata". Déanfaidh an ríomhchlár é sin mar d’úsáideamar an gníomh codladh. Bainimid úsáid as codladh nuair ba mhaith linn go codlódh an ríomhaire sula leanann sé ar aghaidh go dtí an chéad treoir eile.

Glacann an gníomh codladh le méid milleasoicind (2000 sa chás seo), agus nuair a sroicheann an ríomhaire an treoir sin, fanfaidh sé ar feadh an méid sin sula leanann sé ar aghaidh.

Seo iad ná céimeanna a leanann an ríomhaire:

  1. Léigh an céad líne “scríobh("Roimh chodladh")” agus scríobh "Roimh chodladh" ar an gconsól.
  2. Lean ar aghaidh go dtí an dara líne “codladh(2000)”. Fan anseo ar feadh 2000 milleasoicindí (2 soicind).
  3. Léigh an tríú líne “scríobh("Tar éis an chodlata")” agus scríobh "Tar éis an chodlata" ar an gconsól.
  4. Críochnaigh.

Athróga

Is ceann de na cumas is tábhachtaí atá ag ríomhairí ná cuimhne. Nuair a scríobhaimid ríomhchlár is féidir linn iarraidh ar an ríomhaire cuimhneamh ar luachanna áirithe. Níos déanaí sa ríomhchlár is féidir linn iarraidh ar an ríomhaire úsáid a bhaint as na luachanna sa chuimhne.

Chun é sin a dhéanamh, bainimid úsáid as athróga.

Tá athróg cosúil le bosca ar féidir linn luach a chuir isteach ann. Tugaimid ainm ar an bosca agus úsáidimid an ainm sin chun an luach a úsáid nó athrú inár ríomhchlár.

Ag cruthú athróga

Chun athróg nua a chruthú bainimid úsáid as an siombail :=. Mar shampla:

bia := "sceallóga"

Cruthaíonn an cód sin athróg nua “bia”, agus cuireann sé an luach "sceallóga" ann. Anois dá ghlaofadh muid scríobh(bia), chuimhneodh an ríomhaire gur iarramar air “sceallóga” a stóráil san athróg bia, agus scríobhfadh sé “sceallóga” ar an gconsól.

Bain triail as anois!

Míniú

  1. Cruthaíonn an céad líne an athróg bia, leis an luach "sceallóga".
  2. Ar an dara líne, chuimhníonn an ríomhaire go bhfuil "sceallóga" stóráilte san athróg bia, agus baineann sé úsáid as an luach sin chun “sceallóga” a scríobh ar an gconsól.

Ag uasdátú athróga

Nuair a chruthaíonn tú athróg, níl an luach san athróg socraithe go deo. Is féidir leat luach na hathróige a athrú in áit ar bith i do ríomhchlár. Chun luach na hathróige a athrú, bainimid úsáid as sín chothroime (=). Tá an siombail seo difriúil leis an siombail := a úsáidtear chun athróg nua a chruthú.

Bain triail as an ríomhchlár seo:

Tabhair faoi deara nuair an chead uair a scríobhamar ainm scríobhadh "Setanta", ach an dara uair a scríobhamar ainm, scríobhadh "Cú Chulainn". Athraíodh an téacs mar d’athraíomar luach na hathróige ar an 5ú líne.

Nuair a ritheann an ríomhaire ráiteas uasdátaithe athróige mar seo, ríomhann sé an slonn tar éis an sín chothroime ar dtús sula athraíonn sé luach na hathróige. De bhrí sin, is féidir linn luach reatha na hathróige a úsáid chun an luach nua a ríomh. Féach anois ar an cód seo:

Nuair a rithimid an cód sin, scríobhann sé 12 ar an gconsól. Cén fáth?

Míniú

  1. Cruthaíonn an chéad líne athróg nua x leis an luach 2.
  2. Ar an dara líne, tosaíonn an ríomhaire ag athrú luach x. Chun an luach nua a fháil, ríomhann sé luach an tsloinn x + 10. Is é 12 freagra an áireamh sin mar is é 2 luach x faoi láthair.
  3. Ansin, athraíonn an ríomhaire luach x go 12.
  4. Ar an tríú líne, scríobhann an ríomhaire luach x ar an gconsól, agus anois is é 12 luach x.

Dúshlán

Athraigh an cód sa ríomhchlár seo ionas go scríobhann sé "bainne" ar an gconsól:

Cliceáil anseo le haghaidh an freagra

Cad a dhéanfaimid anois?

Chonaiceamar roinnt treoracha simplí chun an consól a úsáid, tuigimid anois conas treoir éigin a dhéanamh tar éis treoir eile agus d’fhoghlaimíomar conas athróga a úsáid chun chuimhniú ar luachanna. Anois is féidir linn ár scileanna nua a thógáil go dtí an stáitse!